Tá
oileán álainn Anglesey buailte le cósta na Breataine
Bige Thuaidh, áit é a bhfuil thart ar 100 míle d'immealbhord
mórthaibhseach air agus é suite laistigh de cheantar d'áilleacht
nádurtha den scoth. Is í éagsúlacht na háite a tharraingíonn
na sluaite ann. Cibé áit ann a mbeidh tú ag fanacht, ní
bheidh an éagsúlacht seo i bhfad uait. Tá oidhreacht sheandálaíochta
is iarsmaí stairiúla ar fáil ann go flúirseach. Oileán íontach
é seo maidir le líon na ngnáthóg atá ann: na haillte móra,
inbhir, murlaigh agus dumhcha atá suite ar an gcósta chomh
maith le locha, tailte fliucha, fraochlochaigh agus mósáic
na bhfeirmeacha intíre. Ar na gnéithe a mheallann cuairteoirí
tá na tránna, ar thaobh amháin na tránna fiáine ar Bhá Llanddwyn
agus ar an dtaobh eile, tránna Benllech ar aghaidh na farraige,
nó Bá Chemaes, cuan deas ciúin pictiúrtha.
Is
tú ar cuairt anseo, beidh seans agat cócaireacht ilghnéitheach
an oileáin a bhlaiseadh duit féin má leanann tú treoir eolaire
bia, Taste of Anglesey - bia álainn bunaithe ar fad ar tháirgí
áitiúla. Tugtar Môn Mam Cymru - Máthair Na Breataine Bige,
go háitiúil ar Oileán Móna, tagairt a chuireann in iúl gurbh
é seo bialann Na Breataine Bige ariamh anall.
Tá
an rogha chomh flúirseach céanna in Oileán Móna maidir le
lóistín: lóistín feirme, áit ar féidir leat cócaireacht
bhlasta baile a bhlaiseadh, nó tithe aíochta, áit a gcuirfear
mórfháilte romhat is a mbeidh eolas ar fáil, leis, faoi
imeachtaí áitiúla. Ina dteannta sin, tá na tithe ósta, nó
na tithe móra tuaithe, ina bhfuil breis sócaimis ar fáil.
Más fearr leat tithe saoire féinfhreastail, tá siad fairsing
ann, chomh maith le láithreáin carbháin seasta agus láithreáin
champála. Cibé áit a fhanfas tú, cuirfear fáilte is fiche
romhat. Beimid ag tnúth leat.